Ireland on the Water Expo

Bí linn ar an 4 & 5 Márta 2023 dár dtaispeántas iontach úrnua Ireland on the Water Expo/Taispeántas Spórt Uisce in Éirinn, a bheidh ar siúl ag Eikon Exhibition Centre i Lisburn.

Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl idir ceardlanna pléisiúrtha idirghníomhacha,
taispeántais agus eispéiris ar an uisce. Is cinnte go mbeidh Ireland on the Water Expo ina imeacht lán d’iontaisi don teaghlach go léir le sult is taitneamh a bhaint as.

Faoin Expo

Beidh an Expo ar siúl ag Eikon Exhibition Centre - an campas d’imeachtaí is mó i dTuaisceart Éireann agus é suite go hábhartha in aice na bpríomh bhóithre go Béal Feirste agus Baile Átha Cliath

Eolas faoi thicéidí

Cuirfear eolas ar fáil níos cóngaraí d’ócáid sheolta an tseó faoi chéannacht na dticéidí agus deimhniú ar a bpraghsanna ach beidh lascaine ar fáil do theaghlaigh agus seanóirí.

Cas le Lucht na dTaispeántais

De réir mar a dheimhníonn ár lucht taispeántais go mbeidh siad i láthair beidh tú in ann tuilleadh eolais a fháil faoi na comhlachtaí , á dtáirgí agus a dtrealamh iontach ar taispeántas ag an seó.

Bádóireacht

Surfáil

Iascaireacht Slaite

Cadhcáil

Cainteanna & Ceardlanna Idirghníomhach

Duine ar bith atá suim acu a gcuid teicnicí a fheabhsú nó eolas a fháil faoi thairgí úra, beidh cainteanna suimiúla ar siúl ag an seó ó shaineolaí muirí. Tabharfaidh an seó deis duit freastail ar na seastáin agus labhairt le proifisiúnaigh a bhéas, láthair ag an ócáid.

Má tá tú ag cuardach eolais nó ag iarraidh tairgí a cheannacht, is deis iontach é seo agus déanaigí cinnte é a chur ar an fhéilire.

Áiseanna

Áit páircéala, caifé, uathmheaisín, bainc agus ionad fíor – chairdiúil le háiseanna den scoth is ea Ionad Taispeántais Eikon.

Suíomh 

Tá Ionad Taispeántas Eikon furast le fáil do chuairteoirí – 10 mbomaite ó Bhéal Feirste agus thart fá 80 bomaite ó Bhaile Átha Cliath le carr agus níl aerfort Chathair/Idirnáisúnta Bhéal Feirste nó aerfort Bhaile Átha Cliath i bhfad ar shiúl ach an oiread.

Lóistín

Tá an t-ádh orainn go bhfuil óstáin den scoth, teachíní galánta agus tithe le leaba is bricfeasta ar fáil I dTuaisceart Éireann in aice láimhe leis an Ionad Taispeántais.

Ireland on the Water Expo March 4th & 5th 2023

Dedicated to everything that's great about being out on the water. From boating, angling, surfing, kayaking, swimming and much more! We look forward to seeing you in 2023

Subscribe for updates

"*" indicates required fields

This field is for validation purposes and should be left unchanged.